Is í MÍP an róbat is cliste dár déanadh riamh. Tá sí á seoladh go Mars, le fáil amach an bhfuil
eachtráin ina gcónaí ann. Tógann sí go leor pictiúr ann agus cuireann ar ais chuig an Domhan iad,
ach cá bhfuil na heachtráin? Ansin, tarlaíonn tubaiste. “Tá Míp bhocht réidh,” a deir na heolaithe.
Ach an bhfuil?
Based on real events, (mostly!), the story of brave MÍP, the hardest-working robot in the solar system,
is a tale that will inspire earthlings of all ages.
“Míp the space robot is sent to Mars on an exploratory mission. What he finds there is out of this world. A delightful story in Irish with cracking illustrations and a wonderful visual twist towards the end, which eagle-eyed young readers will love.”
Independent.ie
“Ní féidir ach ardmheas a bheith againn ar an róbat cliste a dhéanann a bhealach go Mars agus a oibríonn go dian dícheallach chun taighde a dhéanamh ar an áit nua seo. Ach ní leor clisteacht chun maireachtáil san áit nua seo lán le clocha agus cráitéir. Déanann Míp machnamh ar an ngá le comhluadar agus dreas ceoil! Fíorscéal fíorspéisiúil atá ann agus tá an oiread céanna le léamh ó na léaráidí spleodracha a líonann an leathanach ar fad, agus ón mioneolas ar aghaidh gach carachtair.”
Children’s Books Ireland